Eolas faoin gCeantar

Is grúpa oileán é Ceantar na nOileán, suite amach ó chósta thiar Chonamara. Tá na hoileáin ceangailte le chéile le droichid. Thart ar 30 míle ó chathair na Gaillimhe, tá an ceantar saibhir i dtránna gan mhilleadh, cosaint dúlra agus oidhreachta. De bhrí nach bhfuil siad liostaithe i litríocht turasóireachta go miníc, is iontach ar fad iad.
Is féidir babhta gailf a imirt ag an Gailf Chumann Oileán Chonamara, nó dul ar ais in am ag an Ionad Oidhreachta i Leitir Meallain. Ansin tóg sos i nGarraí na Mílaoise. Bain sult as lón nó béile éadrom i gceann de na bialanna. Is bealach iontach é chun tú féin a chothú ar feadh lae ag an trá nó chun ceann de na siúliodí a leanúint ar fud na n'Oileán. Le radhairc lánléargas cibé áit a fhéachann tú. Tá sé ina fhéasta do na céadfaíthe. Ceol agus siamsaíocht sna tithe tábhairne ag an deireadh seachtaine, agus rásaí húicéirí agus curachaí ar feadh míonna an tsamhraidh, cén fáth nach raibh tú ábalta teacht orainn níos luaithe!!
Dá mba gairdín í Éire, bheadh Chonamara ina chreag-ghairdín. Is sampla den scoth é Ceantar na nOileán seo. Tírdhreach clochach atá measctha le flóra agus fána, a chureann ar fáil réimse iontach de dhathana is cuma cén séasúr atá ann.
An 5 oileán i gCeantar na noileán is iad Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna, Leitir Mealláin agus Foirnis. Tá gach ceann ceangailte leis an chéad ceann eile le slabhra de dhroichid. Tá Eanach Mheáin nasctha ag droichead leis an mórthir ag Béal an Daingin. Tá níos mó oileáin bheaga ann ach ní féidir dul chucu ach i mbád.
Is bealach maith le tuiscint iomlán a fháil ná leanúint ar cheann de na bealaí siúlóide atá marcáilte ar fud na noileán. Tá gach siúloid taibhsiúl le radharcanna tíre chomh maith le céibheanna agus fothracha na sean-bhfoirgneamh le scrudú ar feadh na slí.
Rudaí le déanamh

Liosta rudaí le déanamh i gCeantar na nOileán
Cliceáil ar an nasc thios le haghaidh tuilleadh eolas
- Sean Bhaile - Maumeen Abbey.
- Eaglais na Trá Báine
- Tobar na 7 Scáil / Gairdín na Mílaoise - Séipéal Thír an Fhia
- Spórtlann Mhichíl Mhóir
- An Chlúid - Bialann
- Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin and Gharumna
- Áit Súgaratha Leitir Mealláin
- Túr Cean Golaim
- Gailfchúrsa Oileáin Chonamara
- Connemara Healing
- Tránna