Siúlóidí

Eanach Mheáin go dtí Leitir Móir


Nuair a thiocfas tú go dtí an bóthar R374 ag Béal a' Daingin cas ar dheis. Tá Oifig an Phoist, fón agus teach ósta anseo. Siúl trasna an droichid agus tá tú sna hOileáin. Tógadh na droichead seo aimsir Bhord na gCeantar Cúng. Eanach Mheáin an toileán seo. Bhíodh go leor báid seoil ag dul síos agus suas an droichead seo fadó ag tabhairt móin go hárainn agus ag tabhairt earraí ar ais as Gaillimh. Droichead adhmaid a bhí ann agus b'fhéidir é a oscailt le haghaidh bád seoil a scaoileadh thríd. Fan ar an mbóthar seo ar feadh 3.2Km/39nm go dtéigh tú siar thar an dara droichead. Tá tú anois i Leitir Móir. Tóg an dara casadh ar dheis. Lean an bóthar díreach 1.1Km/13nm go dtí T, cas ar dheis. Beidh tú ag dul suas áird ar feadh 700m 10nm. Beidh amharc mhaith agat amach ar oileán Inis Treabhair agus na hoileáin bheaga timpeall air. Beidh tú ag dul síos le fána arís 500m/6nm.

Cas ar dheis taréis 300m/4nm. Tiocfaidh tú go dtí céibh. Tareis 250m/3nm tá bóthar ag dul ar chlé agus ceann eile ag dul ar dheis. Lean an ceann ar dheis. Tá tú ag dul suas aird arís ar feadh 500m/9nm. Tá tú 50m ós cionn na farraige. Tá amharc mhaith as seo siar ar Chill Chiaráin, ar Chnoc Mordáin agus ó thuaidh ar Cheantar Rosmuc. Taréis 500m/6nm críochnaíonn an bóthar teara ach leanann an casán air timpeall an oileáin ar feadh 1Km/12nm. Tá tú ar an mbóthar arís. Seo é Leitir Caladh. Taréis 1.5Km/18nm ar an mbóthar seo tiocfaidh tú go dtí bóthar ar chlé ach coinnigh ort díreach.

Feicfidh tú céibh ar thaobh do láimhe deise. Lean an bóthar seo ar feadh 1.8Km/22nm. Tiocfaidh tú go dtí bóthar ar do chlé, ná bac leis. Coinnigh ort díreach. Taréis 200m/2.5nm beidh tú ag Oifig an Phoist agus fón. Coinnigh ort díreach agus taréis 600m/7nm beidh tú ag an bpríomhbhóthar R374. Tá Teach Phobail trasna uait. Cas ar dheis agus beidh tú ar an droichead isteach go hOileán Gharumna.



--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Fad: 12.15Km
Am: 2 uair 31nm
Grád: Éasca


Ar ais

 

projects