Siúlóidí

Timpeall Oileán Gharumna


Ó Theach Phobail Leitir Móir téigh trasna an droichid agus beidh tú ar Oileán Gharumna. Lean an bóthar ar feadh 1.4Km/17nm. Téann tú thar Céibh an Mháimín, Páirc an Mháimín, An Chlúid bialann agus monarchana. Tagann tú go crosbhóthar. Casann tú ar chlé. Taréis 1.5Km/18nm tagann tú go dtí casán ar chlé ag dul síos chuig an gcladach. Lean é seo 400Km/5nm. Beidh tú ag an gcladach, cas ar dheis. Siúl leis an gcladach. Tareis 300Km/4nm tiocfaidh tú go dtí trá beag agus bóthar bheag a théann suas go dtí an príomh bhóthar. Fan leis an gcladach. Taréis 250Km/3nm feicfidh tú ballaí sean séipéal. Taréis 900Km/11nm tiocfaidh tú go dtí Céibh Dhoirín Dharach. Ina dhiaidh seo beidh tú ar shean bhóthar cladach go dtí Chéibh an Chaisleáin 1.7Km/21nm. Tá píosa gar don chéibh go bhfuil an casán réabtha ag an bhfarraige. Beidh tú ag siúl ar dhúirling. Tar aníos go dtí an bóthar ag an gcéibh, cas ar chlé, fan ar an mbóthar.

Taréis 150Km/2nm tá casadh géar ar chlé. Taréis an casadh seo tá casán ag dul siar ar thaobh do láimhe deise. Lean an casán seo. Taréis 700Km/9nm beidh tú ag tithe agus ar an mbóthar. Lean an bóthar taréis 600Km/8nm tiocfaidh tú go dtí T. Cas ar chlé. Taréis 220Km/2.5nm tóg an bóthairín féireach ag dul siar ar thaobh do láimhe deise. Cas ar chlé arís taréis 50Km nó mar sin agus arís taréis 30Km eile. Lean ar seo ar feadh 700Km go deireadh an bhóthair seo. Ag féachaint ar dheis feicfidh tú Céibh Chaladh na Leice, fhad páirc amháin uait. Trasnaigh an 30Km seo go cúramach, sruthán beag san áireamh go dtí go mbaineann tú an chéibh amach. Cas ar dheis ansin agus fan ar an mbóthar seo ar feadh 700Km/9nm. Tiocfaidh tú go dtí T, cas ar chlé. Beidh tú ag siúl le taobh na locha, Loch Bhaile na Cille, bóthar ciúin le ballaí cloch agus dúlra agus suaimhneas. Taréis 400Km/5nm tiocfaidh tú go dtí Reilig agus ballaí seanteach pobail athchóirithe. Taréis 600Km/7nm tiocfaidh tú go dtí T cas ar dheis. Taréis 600Km/7nm tiocfaidh tú go dtí an phríomhbhóthar. Téigh trasna an bhóthar agus díreach ar d'aghaidh tá bóthar an Chnoic. Beidh tú ag siúl ós cionn na farraige agus radharc maith agat siar ar Chuan an Mhuilinn. Bíonn rasaí curach agus bád seoil ar bun anseo sa samhradh.

Taréis 3Km/36nm tá tú ag an gcoirnéal thair thuaidh den oileán agus 30m ós cionn na farraige agus amharc amach ó thuaidh agat ar an Oileán Iarthach agus Inis Bearachain; fan ar an mbóthar seo ar feadh 2.5Km/30nm go dtiocfaidh tú ag Céibh Ghleann Trasna. Má théann tú síos le cladach anseo feicfidh tú casán ag imeacht soir uait. Lean é seo, taréis 1.1Km/13nm beidh tú ar ais ar an bpríomhbhóthar, an R374. Má chasann tú ar chlé, taréis 1.9Km/23nm beith tú ar ais ag an droichead, an áit ar thosnaigh tú. Tá tú taréis siúl timpeall an oileáin



--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Fad: 19.85Km
Am: 4u
Grád: Éasca


Ar ais

 

projects