Siúlóidí

Leitir Mealláin


Tosnaíonn an tsiúlóid seo ag óst na nOileán. Siúlann tú siar thar Dhroichead Chuigéil, tá Reilig Chuigéil ar thaobh na láimhe clé. Coinnigh ort ar feadh 800m go dtagann tú chuig crosbhóthar Leitir Mealláin. Lean an príomhbhóthar ar dheis agus tóg an chéad casadh ar dheis. Tabharfaidh an bóthar seo isteach chuig Oileán Fhuirnise tú. Lean an bóthar chuig deireadh an Oileáin. Tá trá anseo agus feicfidh tú Oileán Dhaighnis trasna uait

NO

Tóg an bóthar ós do chomhair ag crosbhóthar Leitir Mealláin. Tabharfaidh an bóthar seo chuig Túr Cheann Gholaim tú, a tógadh in aimsir Napoleon le súil a choinneáil amach ar fhaitíos go n-ionsódh na Francaigh. Tá an túr suite ar Oileán Gholaim. Ní féidir siúl chomh fada leis.



--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Fad: 4 Km
Am: 1.5 u
Grád: Éasca


Ar ais

 

projects