Teagmháil

Ainm Post Ríomhphost
Seán Ó Loingsigh Cathaoirleach cathaoirleach@cnnoilean.ie
Máirín Uí Ráinne Riarthoir Oifige mairin@cnnoilean.ie
Eilís Ní Lochnáin Comhordnóir Coláiste Gharumna eilis@cnnoilean.ie
Seamús Ó Ráinne Maoirseoir S.S.T saoistesst@cnnoilean.ie
Helen Uí Dhunáird Maoirseoir S.F.P Ceantar na nOileán sfp.gharumna@gmail.com

Seoladh:

envelope

Comhairle Ceantar na nOileán Teo
Tír an Fhia,
Leitir Móir,
Co. na Gaillimhe.

telephone

Fón: 091 551922
Faics: 091 551921


Treoracha chuig on Comhairle Ceantar na nOileán


An bóthar R336 ó chósta na Gaillimhe ag dul tríd an Spidéal agus Casla (Costello). Anseo, ba chóir duit Stáisiún Seirbhíse Walsh's(Texaco) a fheicéail ar do dheis, cas ar dheis anseo. Tá stáisiún raidió 'RTE Raidió na Gaeltachta' ar thaobh do láimhe deise má leanann tú ar an R374 go Leitir Móir. Beidh comhartha Bóthair le Leitir Móir (Lettermore) 10km agus Tír an Fhia (Tirnee) 13km. Lean ar aghaidh ar an mbóthar seo.

Nuair a thagann tú chuig Leitir Móir, ní mór duit leanúint ar aghaidh thar an droichead, tá an pháirc peile ar do dheis, 200m thar an pháirc ar do chlé feicfidh tú an t-eastát tionsclaíoch, cas ar chlé anseo. Lean an bóthar agus cas ar dheis ag an comhartha 'stad'. Tá carrchlós ag barr an bhóthair seo, cas ar dheis chun dul isteach ann. Tá tú anois ag Halla Thír an Fhia. Tá an bealach isteach ag féachaint ar an eastát tionsclaíoch.