
Glór na nOileán
f/c Comhairle Ceantar na nOileán,
Tír an Fhia,
Co na Gaillimhe.
Fón: 087 3320022
Ríomhphost:
Íoslódáil an
Plean Teanga
Plean Teanga Cheantar na nOileán
2019 – 2025
Baineann an plean seo le Ceantar na nOileán atá suite ar chósta thiar na Gaillimhe. Is iad Béal
an Daingin, Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin na príomh-oileáin sa
limistéar.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga. Ceapadh
Comhairle Ceantar na nOileán mar cheanneagraíocht le plean teanga a ullmhú do Cheantar na
nOileán in 2014. Is iad Muintearas a leag amach an plean. Tugadh deis do na pobail
Ghaeltachta staidéar a dhéanamh ar staid na Gaeilge ina gceantar féin. Aimsíodh laigí agus
láidreachtaí, cuireadh pleananna le chéile atá sonrach do chaon cheantar. Tá súil ag Coiste
Pleanála Teanga Cheantar na nOileán go gcabhróidh an plean seo, agus na bearta atá luaite
leis, chun an Ghaeilge a choinneáil chomh láidir agus atá sí faoi láthair sa gceantar agus
tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a dteastaíonn uathu an teanga a fhoghlaim. Tá 71% den
daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge i gCeantar na nOileán. Tá muid dóchasach le tacaíocht
ón bpobal, comhoibriú leis na heagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gceantar agus na
naíonraí/scoileanna go n-éireoidh go maith linn.
Má tá aon eolas breise uait is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Pleanála Teanga
ag aon am.
Máire-Áine Uí Ailín.






I mBun Pinn
Seoladh cnuasach nua scríbhneoireachta ‘I mBun Pinn’ i mí na Samhna 2021.
Is de thoradh ceardlann scríbhneoireachta, faoi stiúir Chiarán Uí Fhátharta agus Áine Durkin, an cnuasach seo.
De bharr ghéarchéim Covid 19, is ar an gcóras Zoom a reáchtáladh na ceardlanna seo agus tá éacht bainte amach ag na scríbhneoirí.
Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Plean Teanga Cheantar na nOileán ar an 22/10/2021

Glór na nOileán
f/c Comhairle Ceantar na nOileán,
Tír an Fhia,
Co na Gaillimhe.
Fón: 087 3320022
Ríomhphost: